Gaeilge Abú

Bhí Seachtain na Gaeilge á cheiliúradh ag na scoláirí agus an fhoireann ar fad i mbliana. Bhain na daltaí taitneamh as cluichí, cómhrá agus gníomhaíochtaí éagsúla i rith na seachtaine. D’fhoghlaim siad seanfhocal nua gach lá, bhí siad ag canadh, ag damhsa agus ag baint trial as tráth na gceist. Ghlac gach duine páirt i gceiliúradh ár dteanga dúchais agus ár gcultúr agus bhí an- spórt agus spraoi acu go léir.  An Dreolín