MCS Seachtain na Gaeilge

Bhí seachtain iontach againn i MCS ag ceiliúradh an teanga dhúchais agus Seachtain na Gaeilge. Thosaigh muid ag ceiliúradh Dé hAoine seo chaite le tae agus plé leis an 6ú Bl. Bhain siad an-taithneamh as agus roinn siad eolas iontach lena chéile. Bhí céimeanna damhsa deas a fheiceáil sna céilí leis na hidirbhliana agus an 3ú Bl sa halla spóirt. Rinneadh tástáil ar eolas trí roinnt gníomhaíochtaí tráth na gceist a tharla sa cheaintín agus an leabharlann leis an 1, 2 & 3 Bl. Léirigh an 1ú Bl. a gcuid scileanna tríd ciorcal cainte chomh maith ar an Déardaoin sa cheaintín. Chríochnaigh an tseachtain le turas spreagúil chuig An Ghaeltacht Corca Dhuibhne, i gCiarraí. Bhí an 5ú Bl ag déanamh turas timpeall na háite, tráth na gceist i halla Lios Póil, thug siad cuairt ar an Ionad an Bhlascaoid. D'fhéach siad ar scannán ann agus shúil siad timpeall ag féachaint ar na radharcanna deasa. Bhí lá iontach ag gach duine, bhí an aimsir go hálainn agus beidh muid ag tnúth le turas eile cosúil le seo sa thodhchaí! Rinne na daltaí a lán cluichí eile tríd na ranganna Gaeilge i rith an tseachtain agus is rud iontach é an teanga Gaeilge a chloisteáil timpeall na scoile. 

Gan é a rá, bhí seachtain iontach againn ag ceiliúradh agus bhain gach duine a ghlacadh páirt an-taithneamh as! 

Chris Horan